Current Issues

Ar Mhaithe leis an tSíocháin

Ar Mhaithe leis an tSíocháin

Achomhairc Chónaidhm Domhanda na nUngárach arna thionscain ag László Botos

Tá todhchaí na hUngáire, teasctha ar an 4 Meitheamh 1920 ag cinntí Trianon, i mbaol, agus tá staid na nUngárach féin dofhulaingthe. Tá beagnach céad bliain ann ó rinneadh an náisiún Ungárach a theascadh, gan aon fhreasúra éifeachtach, fiú go hintleachtúil, ina choinne i measc na nUngárach. Ach sa sainmhíniú nua ar ‘an Náisiún Ungárach’ atá glactha ag Comhdháil Dhomhanda na nUngárach VIII, tá bonn intleachtúil ceaptha (sa teideal freisin) chun cur i gcoinne Deachtaithe Síochána Trianon (1920) agus Pháras (1947): Todhchaí i spiorad na Corónach Naofa.

Deir an sainmhíniú nua seo, a glacadh i 2012:

'Is é an cúnamh ba mhó a thug an násún Ungárach do dhul chun cinn na daonnachta i gcoitinne ná cruthú chóras an stáit, a léiríonn meas ar leith ar na daoine atá ina gcónaí ann gan idirdhealú a dhéanamh eatarthu ar bhonn gnéis, cine, náisiúntachta ná creidimh. Bhunaigh ár sinnsear an stát seo de réir theagasc na Corónach Naofa agus, dá bharr, tugaimid Tír na Corónach Naofa air.’

Ar chomóradh 93ú bliain Dheachtú Síochána Trianon, cuirimid smaointe nua ar fáil, samointí a thabharfadh tacaíocht níos éifeachtaí d’Ungáraigh an domhain agus do gach duine deathoile maidir le fírinne an náisiúin Ungáraigh agus go bhfuil Trianon féin dofhulaingthe. Tagann na smaointí seo ó bheirt intleachtóirí Seiceach cáiliúil agus tagann na haragóintí seo glan le modh smaointeorachta Chomhdháil Dhomhanda na nUngárach.

Luann Rudolf Kučera, eolaí polaitíochta na Seice, ina leabhar Stair Lár na hEorpa de réir Eolaí Polaitíochta na Seice a foilsíodh i 2008, argóint staraí aitheanta na Seice František Palacký (ll. 70-71):

Ina leabhar Idea Státu Rakouského(Coincheap an Stáit san Ostair) rinne František Palacký meastóireacht ar an mBunreacht Ungárach ar an gcaoi seo a leanas: “Tá institiúidí an Stáit Ungáraigh, go bunúsach, chomh sláintiúil agus chomh beannaithe go mbeadh siad, i mo thuairimse, tairbheach do thíortha eile a ghlacfadh leo. Tá an síol beo fíorfhéinrialach náisiúnta iontu, agus gan é, ní mhairfeadh saoirse shibhialta agus polaitiúil i bhfad in áit ar bith; tá meicníocht an athchóirithe ann chomh maith le prionsabal an fheabhsuithe neamhtheoranta, agus gan é, bheadh deireadh le gach foras daonna sa stát. Dá bharr is féidir an grá coiteann atá ag na hUngáraigh (ag gach saoránach na hUngáire, ní hamháin ag na Magyars) dona mbunreacht ársa féin (constitutio avitica) agus an fuinneamh neamhghnách a chaitheann siad á choimeád agus á chosaint a thuiscint. Ní féidir leis na hUngáraigh maireachtáil go sona sásta faoi mhaorlathas.” [1]

Mar sin, cén cineál bunreacht a bhí ann agus cén tábhacht stairiúil a bhain leis? Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn a lua gurb é bonn sheasamh an Stáit Ungáraigh stáiriúil ná leanúnachas a bhunreacht le míle bliain. Ba é an buntáiste is mó leis an mbunreacht seo ná roinnt na cumhachta idir an rialtóir agus na heastáit, agus gur bunaíodh an fíor“dhaonlathas” ar dhílárú agus ar na hinstitiúidí stáit féinrialaitheacha. Rinne An Tionól Náisiúnta, an Pharlaimint, díospóireacht ar gach togra de chuid an Rí agus thug sé faoi na pleananna ar aontaigh an rí agus na heastáit le cabhair a chomhairle leo (consilium locumtenentiale) a chur i gcrích. Toghadh an Palaitíneach, Leasionadaí an Rí, as rannpháirtithe an Tionóil féin. Bhí an Tiarna Príomh-Bhreitheamh i gceannas ar chúirteanna ríoga na n-achomharc, a dtugtar 'septemviralistabula' orthu. Ba é sna contaetha, aonaid údairithe riarcháin phoiblí i gcríocha éagsúla na ríochta, fíorbhunús na cumhachta sa stát díláraithe. Bhí Fear Ionad an Rí (comes), Leas-Ionadaí an Rí, agus oifigigh tofa áitiúla eile i gceannas ar na contaetha. Sheol gach contae beirt ionadaithe chun An Tionól Náisiúnta. Thogh na Comhthionóil Contae, inar ghlac an daonra saor áitiúil páirt, comhlacht na n-oifigeach a rinne cúram de ghnó an chontae.

Bhí na dlíthe ar ghlac An Tionól Náisiúnta leo agus a cheadaigh an rí, le fógairt ag an Tionól Contae, ionas go bhféadfadh na húdaráis chontae iad a fhorghníomhú. Bhí na bearta a thóg eagraíochtaí b’airde an stáit le fógairt ag na hoifigigh contae chomh maith, agus bhí ceart ag An Tionól Contae agóid a dhéanamh in aghaidh na ndlíthe a cheap siad a bheith díobhálach (gravaminalis). Bhí orthu a n-agóidí a chur faoi bhráid (representacio) agus chuir an Tionól forghníomhú na ndlíthe sin ar fionraí gur cuireadh réiteach ar an bhfadhb. Má bhí dlí a raibh míghean air i gceist, chuaigh na contaetha éagsúla i gcomhairle lena chéile maidir le hábhar a n-agóide. Bhí na daoine in ann agóid in aghaidh dlíthe a raibh míghean orthu agus cosc a chur lena gcur i ngníomh.

Ba é an córas forleathan fhéinrialtas na gcontaetha seo an sciath dhochloíte, lena raibh na hUngáraigh in ann a gcuid féinchinnidh a chosaint agus dianiarrachtaí aontaithe na rialtóirí a dhíothú.[2]

B’fhada agus b’fhuilteach streachailt na nUngárach ar son a gcuid bunreachta, cosúil le streachailt ar bith ar mhaithe le saoirse pholaitiúil. Baineann an streachailt seo leis na leathanaigh is glórmhaire i stair Lár na hEorpa agus ba chóir dó sa todhchaí a bheith ina chuid de gach leabhar scoile a phléann le stair na hEorpa. Seo traidisiún atá bainteach le streachailt ar bith ar son chearta an duine agus cearta sibhialta sa lá atá inniu ann agus ar chóir dúinn a ghlacadh leis seachas glóiriú neamhchriticiúil a dhéanamh dfhoirmiú náisiún-stáit i Lár na hEorpa. Na náisiún-stáit, in aon chás,bhain amach a gcuid n-iarrachtaí iomadúla náisiúnta ach amháin go sealadach; thug siad saoirse do roinnt pobail, cé gur bhain siad í as pobail eile, agus, an rud is tábhachtaí, ní raibh siad in ann saoirse pholaitiúil fhadtéarmach a chinntiú, ná níor dhaingnigh siad síocháin i Lár na hEorpa – agus, de réir Naoimh Agaistín, is í sprioc na sochaí daonna ná an tsíocháin: 'Tá grá mór ag daoine do shíocháin agus is é an grá seo do shíocháin a chuimsíonn iad ina sochaí.'

An dteastaíonn cruthúnas níos diongbháilte uainn ná argóintí František Palacký agus Rudolf Kučera chun cur ina luí orainn nár chur tír na Corónach Naofa, cruthaithe ag an náisiún Ungárach, in aghaidh na mionlach a bhí ina gcónaí laistigh dá teorainneacha?

Ar éigean. Dá bhrí sin, is ceart agus cóir éileamh ar shainmhíniú nua ar an náisiún Ungárach:

'Mar chúiteamh ar na socraithe stáit mórscála a bhí i bhfeidhm i dtír na Corónach Naofa leis na céadta bliain agus a chinntigh go mbeadh na pobail rannpháirtithe inti in ann forbairt agus, i ndeireadh na dála, fás ina náisiún-stáit féin, táimid ag éileamh go leagfadh na náisiúin seo ina mbunreachtanna áirithe síos ceart a bheith ag na pobail Ungáracha mionlacha dúchasacha caite sna stáit seo go neamhtoilteanach a mhaireachtáil mar chuid den náisiún Ungárach.

Glactha ag Ceannasaíocht Chomhdháil Domhanda na nUngárach ar 17 Feabhra 2013 i mBúdaipeist

Fógartha ar 4 Meitheamh 2013 i Versailles (An Fhrainc) ar an suíomh Dheachtú Síochána Trianon

[1] Palacký, František: Úvahy a projevy, Melantrich, Praha, 1977., p. 376.

[2] Palacký, František: Ceská politika, Praha. 1907., Vol.2. Part 1, p. 159

 

http://www.egipatrona.hu/mvsz/index.php/1690-a-kozbeke-erdekeben-ir-forditas-trianon-tarthatatlan